School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 313

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 313

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 313
  3. XML “Scéalta faoi Fhathaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí fathach timceall na h-áite seo fado. Do bhí teach aige ann agus bhíodh sé ag fiach i gcomnaidhe. Ní raibh aon duine san teach acht é féin. Do bhí go leór cruinnte timcheall air agus chuile blian bhíodh neart le n-ithe orra. Ba cruinn ubhlaí ba mhó a bhí ann. Lá amháin chuaidh sé amach ag fiach agus dhúin sé an doras ina dhiaidh. Nuair a bhí sé imthighthe chuaidh na daoine isteach san teach agus ghoideadar gach rud a bhí ann. Goideadar an meid a bhí aige uaidh agus bhriseadar na soighthe. bhí go leór airgead aige freisin. 'Sé an fáth a rinneadar é sin mar bhí an fathach an droch-mhúinte agus ag troid leis na daoine. Annsin roinn na daoine Bhí sin go maith no go dtháinigh an fathach san tráthnóna. An céad rud a chonnaich sé na bhí an doras oscailte acht cheap sé gur duine eigin a bhí isthigh. Annsin chuaidh sé isteach acht ní raibh aon duine isthigh roimhe agus choinnaic sé an sgrios mór a bhí deanta. Chuaidh sé go dtí an seomra agus thóruigh sé a chuid airgead ann acht ní pinghean ann. Tháinig fearg air annsin agus níor ith sé aon bhlas mar ní raibh dada le nithe aige. Chuir na daoine i bhfolach an airgead a bhí aca acht pinghin nó dhá pinghin. Chuaidh an fathach thart an na tíghthe agus nuair nach bfaca sé aon airgead acu chuaidh sé go dtí an teach arís acht níor mhair sé i bhfad mar níor raibh dada le n-ithe aige. Annsin caileadh an fathach agus fuair na daoine na h-ublaibh a bhí irna cruinnte. Agus bhíodar go suimneach as sin amach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. giants (~518)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Cheannabháin
    Gender
    Female
    Address
    An Aird Mhóir, Co. Galway