Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí mó shean-athair in a shuidhe le solus an lae lá fadó chuaidh sé amach ag siubhal tré na chuid talmhan.
Chonnaic sé leipreacán i n-a chodladh dhó féin ar a thulán féir rith mó shean-athair go dtí é agus thug sé leis abhaile é.
Shíl sé airgéad a fhághail ó'n leipreacán ní raibh aon airgéad ag an leipreacán dó nuair nach raibh chuir sé isteach i mbosga é go chéann seacht-mbliadhna.
Nuair a bhí sé seacht-mbliadhna sa mbosga bhí mó sean-athair ag siubhal chois na fairrge lé, chonnaic sé píosa mór ádhmuid ar an tráighe.
Nuair a tháinig sé abhaile d'innis sé do mhuinntir an tighe go bhfaca sé píosa mór ádmuid ar an tráigh agus go raibh sé ró throm le tabhairt abhaile agus go raibh faithcíos air go dtiubhradh an taoille amach é.
Nuair a chualaidh an leipreacán an fear ag chainnt mar sin thosuigh sé ag gáiridhe. Bhí iongantas ar an bhfear an leipreacán a bheith ag gáiridhe mar sin acht níor bhac sé leis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairéad Ní Níadh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Níadh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. Galway