School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Location:
- Cregmore, Co. Galway
- Teacher: Cathal Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Page 228
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tú liom ar feadh seachtmhaine". Thug Seán an geallamhaint sin dó, agus d'fan sé ins an dteach an oidhche sin. Lá'r na bhárach thug an fear speal dó agus dubhairt sé leis bheith ag baint an choirce thart ar an gclaidhe. Bhí sé agu obair leis go mall reighin ar feadh an lae agus rug sé ar an gcloich fhaobhair go ró-mhinic le faobhair a chur ar an speal.
Nuair a tháinic an trathnóna, dubhairt Seán leis an bfeilméar go rachadh sé amach ag siubhal dó féin ar feadh tamaill. "Muise, imthig leat, a duine leisgeamhail, agus ba cheart go mbeadh tuirse ort de bhárr an lae", ars an feilméar ag magadh faoi. D'imthigh Seán leis agus bhí sé ag siubhal ar feadh tamaill fada. Tháinic tuirse air annsin agus suidhe sé síos le'n a sgíd a leigeant. "Ó!, ó! na bí in do shuidhe ar an gcloich sin, a Sheáin," arsa glór dar a chúl. D'iompuigh Seán ar a sál de gheit, agus chonnaic sé fear beag bídeach ar a raibh feasóg fada liath. Fear aosta a bhí ann agus bhí agus bhí aghaidh rocadh buidhe air."Tuige ar shuidhe tú ar an gcloich sin, a Sheáin"? ars an fear "biodh fhios agat go bhfuil mise curtha fá'n gcloich sin, a Sheáin" ars an fear. "Ná bíodh aon eagla ort, nuair a bhí mise óg d'eirigh troid idir mé féin agus do shean-athair(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní hEóláin
- Gender
- Female
- Address
- Lisheenavalla, Co. Galway
- Informant
- Pádhraig Ó Comáin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Cregcarragh, Co. Galway