School: Tulach Cadhain (roll number 8446)
- Location:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Duibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulach Cadhain
- XML Page 001
- XML “Mo Cheantar Féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cill A Clogáin ainm an bhaile go bhfuil cómhnuidhe orm-sa. I bParróiste Mhaghcuilinn atá sí suidhte agus do féin mo thuaraim-se tá sí i mbarúntacht Mhághcuilinn freisin. Níl i gCill a` Clogáin anois ach aon teach amháin- an teach s`aiginne; ach ní mar sin a bhí sé fadó. Trí sgór bliadháin ó shoin bhí trí cinn déag ann agus mar tineóntaí de sheana-bheanín agus sé an t-ainm a bhí uirthi ná "Maimín Muiréis". Cineál bean talmhan nó "Landlady" mar a deirtear, a bhí innti suíd. Bhí cómhnuidhe aice i dteach beag in aice na háite. Ach ar leanamhaint leis an sgéil bhí díon tuighe ar gach ceann díobh agus an ceann atá indiu ann tá díon tuighe uirthi. Mar a dubhairt mé cheana níl anois ach teach amháín ins an mbaile seo agus ar an ádhbhar sin ní féidir a bheith ann ach an sloinneadh amháin. Ach nuair a bhí na tíghthe go líonmhar ann `sé "Loideán" nó "Liodán" an sloinneadh is coitchianta a bhí ann. Is ionann Cill agus séipéal agus is ionann clogán agus clog beag. Adeirtear go raibh cill ins an mbaile seo fadó agus is dócha go raibh freisin mar tá reilg bheag ins an mbaile go dtí an lá atá indiu ann. Tá sgéal beag ag muinntir Cill Á Clogáin agus tagann rud(continues on next page)
- Collector
- Aodh Ó Maidín
- Gender
- Male
- Address
- Kilcloggaun, Co. Galway
- Informant
- Tadhg Ó Maidín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Kilcloggaun, Co. Galway