School: Tulach Cadhain (roll number 8446)
- Location:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Duibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulach Cadhain
- XML Page 031
- XML “An Drochshaol”
- XML “Naomh Pátrúin an Cheantair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí an Tighearna Talmhan a bhí san áit seo an-grádh-diamhail agus bhiodh sé ag tabhairt an gráinn a thugfaidís dó mar cíos ar ais dóibh arís
- Naomh Pátrúin an Cheanntair.Deireann cuid de na daoine é seo agus cuid eile díobh é siúd faoi Naomh Pátrúin an pharróiste, ach deireann an cuid is mó des na daoine gur Naomh Nioclás, Naomh Pátrúin an pharróiste seo, agus sílim gurb é freisin mar tá go leor áiteacha ainmnighthe go fóill in a dhiaidh. Tá áit sa Churrach agus sé an t-ainm atá air ná "Cill Niocláis. is dócha go raibh cill aige annsin fadó. Tá agus "Caladh Niocláis" ann freisin, áit a bhíodh a bhád in a luighe.
Tá scéal acab, timcheall, faoi miorbhúilt a rinne sé. Seo é an caoi go bhfuil sé:
Bhí fear san parróiste seo san am a raibh an Naomh ann agus gach oidhche nuair a theidheadh sé ina chodladh thagadh toirt mór agus luigheadh sé ar a dhruim agus luigheadh sé go trom freisin agus leigeadh an rud cnead mór ar. Eireothadh an rud ar nuair a bheadh sé ag éirighe agus ní fheiceadh sé é cor ar bith. Mar sin féin tháinig faitchíos an-mhór ar an bhfear agus dubhairt sé go rachadh sé go dtí an Naomh agus go n-innseothadh sé dó é. Rinne(continues on next page)