School: Tulach Cadhain (roll number 8446)
- Location:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Duibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulach Cadhain
- XML Page 011
- XML “Seaniarsmaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl aon sean chrois ins an mbaile s’againne, ach tá carn mór in áit ar a dtugtar “Suidheachán” ins an bhaile s’againne. Tá sgéal ag na sean-daoine timcheall na h-áite faoi an charn seo, go fóill. Níl a fhios acu an fíor an sgéal seo nó nach fíor ach seo é an sgéal:
Ins an droch-aimsear fadó, bhí ar gach baile saighdiúr a bheathúghadh. Ar chaoi ar bith bhí san mbaile s’againne boc do shaighdiúir agus ní bréag boc a thabhairt air. Bhí folt gruaige air síos go guailnibh.
Ins an am sin ní raibh leath a ndóthain le nithe ag na daoine féin gan trácht ar saighdiúr a choinneál. Bhí go maith is ní raibh go holc. Tháinig an Chásg ins an mbhliadhan seo; ar feadh Domnaigh Cásga ar fad bhí an saighduír amuich ag druideamh leis na saighdiúirí eile. Nuair a tháinig sé isteach in árd tráthnóna agus ocras a sháith air in dhiaidh an lae, diabhal blas aráin a bhí déanta ag bean a’ tighe. Is annsin a bhí an ríra ar siubhal. Chuir an saighdúir - Cúl Dorcha a bheadh a ainm - iallach ar bean a’ tighe cáca a dhéanamh agus é a chur síos ag bácáil.(continues on next page)- Collector
- Aodh Ó Maidín
- Gender
- Male
- Address
- Kilcloggaun, Co. Galway
- Informant
- Tadhg Ó Maidín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir