School: Tulach Cadhain (roll number 8446)

Location:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Duibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 017

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 017

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulach Cadhain
  2. XML Page 017
  3. XML “Seanchas Stairiúil”
  4. XML “Arán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Marbhuigheadh Maor sa troid agus cuireadh í ar pháirc an áir. Chuir Diarmuid carn ós a cionn agus tugtar “Teaichín Mhaoir” ar an charn ó shoin.
    Ón gceanntar seo do Bheartlaí Ó Maidín. Bhí seisean i luimnigh nuair a deineadh an connradh ann sa mbliadhain 1691. D’imthigh sé go dtí an Fhrainnc leis na “Géanna Fiadháine agus as sin go dtí Buda Pest. Bí clú agus cáil air sa mhór –roinn. I gceann suim blianta thainig sé féin agus fear darbh ainm Ghamhnán abhaile go h-Éirinn. Chuireadar fútha ins ann cheanntar seo. Athair mór mo shean-athair a bhí i mBeartlaí Ó Maidín. Is ó’n bheirt fhear sin a shíolruigh muinntear Maidín agus muintir Gamhnán atá ins a’ cheanntar seo anois.
    Tar éis catha Eachdruime bhí ar na h-Éireannaigh sgaipithe. Tháinig duine darbh ainm Mac Donnchadha go dtí an ceanntar seo. Gabha an-mhaith a bhí ann. Chuir sé faoi i dTulach Aoidheáin áit a raibh ceardtha aige. “Ard na Ceardthain” a thugtar ar an áit ó shoin.
    Aodh Ó Maidín
    Cill a’ Chlogáin
    ‘Sé m’athair, Tadhg Ó Maidín a d’innis an méid seo dham.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.