Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seanachas i dtaobh aimsire.Tá cúpla nó trí abairtí ag muinntir na h-áite i dtaobh na h-aimsire. Seo iad iad: “Na spéartha dearg thoir, sneachta go glún fir.” “Na spéartha dearg theas, loinnir agus teas,” agus “na spéartha dearg thiar, solus agus grian”
Nuair a bhíonn an ghealach iompuighthe ar a taobh beagán, bíonn báisteach ann. Nuair a bhíonn cearcal timpeall uirthi bíonn báisteach ann. Nuair a bhíonn an cearcal gar do’n ghealach bíonn an báisteach ann sul a mbíonn an oidhche thart. Nuair a bhíonn dath dearg ar an ngrian nuair a bhíonn sí ag eirighe, bíonn aimsear bhreagh ag teacht. Ní maith leis na bádóiribh an bogha ceatha a fheiceál ar maidin mar is droch-chosamhlacht é.
Tá rádh eile acab mar seo: “Ciúin sa tráthnóna, caitheamh na h-uaire móire.” Is droch-chosamhlacht é a bheith cíuin sa trathnóna Nuair a bhíonn an ghaoth andeas ann bíonn báisteach ann. Nuair a bhíonn an loch ag déanamh torann ar an taobh theas do’n teach s’againne bíónn báisteach ann, agus nuair a bhíonn an loch ag déanamh torann ar an taobh thuaidh bíonn sioc ann.
Nuair a bhíonn na faoileáin ag eitilt(leanann ar an chéad leathanach eile)