School: Tulach Cadhain (roll number 8446)
- Location:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Duibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulach Cadhain
- XML Page 012
- XML “Seaniarsmaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní raibh sé ré ach leath bhácáilte nuair a thóg sé suas é. D’ith sé é go léir agus annsin bhuail tart tar é. Chuaidh sé go dtí an chuinneóg agus d’ól sé timcheall is buicéad bláth. Leis an méid a bhí ithte agus ólta aige, phléasg sé. Caitheadh I sgailp é agus cuireadh carn ó’s a chionn. Tá an carn le feicsint fós.
Tá áit eile ins an bhaile s’againne darb ainm “Teaichín A’ Mhaoir.” Chaith Fionn Mac Cúmhall seal, (geall ar go raibh sé ag fiadhach) annsin, agus a comrádaí. Le linn dóibh bheith annsin bhí troid beag acu le flaith a bhí ins an áit. Cailleadh cúpla fear agus tá cúpla clocha móra ann fós, áit a cuireadh iad.
Tá fothraca de shean-chill ann. Naomh Féichín a chuir ar bun é, ach do sgriosadh é in éanfhacht le go leor teampall eile in am Rí Éinrí a hocht.
Bhí draoi mór cumasach ins an áit s’againne in aimsir Pádhraig Naomhtha. Chuala Pádhraig faoi, agus tháinig sé cun é a ruaigeadh. Tháinig sé suas leis in aice leis an teach s’againne. Bhí draoi eile leis agus chaith an bheirt acu sleagh le Pádhraig ach chuaidh sé tríd an talamh. Annsin chaith ceann aca “cloch-ridire” leis ach chuaidh sé trí cloch agus rinne sé poll thríd. Tá an poll le feiceál fós. Annsin chaith(continues on next page)- Collector
- Aodh Ó Maidín
- Gender
- Male
- Address
- Kilcloggaun, Co. Galway
- Informant
- Tadhg Ó Maidín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir