School: Tulach Cadhain (roll number 8446)

Location:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Duibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 039

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 039

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulach Cadhain
  2. XML Page 039
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    in a láimh aige. Labhair sé le Donnchadh go ndubhairt:
    "mbeidh cluithche cártaí againn." " Ara cad chuige nach mbeadh" arsa Donnchadh. "níl aon rud a mba mhaith liom anois ná cluithche maith cártaí. Ach ceist ort a dhuine. Cuir i gcás go mbuailfidh mé thú céard gheohfaidh mé." "aon rud a mba mhaith ar doman " ars' an sgológ.
    Thosuigheadar ag amirt agus fuair Donnchadh an bhuaidh ar an sgolóig. "Is féidir liom anois roinnt cailíní uaisle a thabhairt ó's do chomhair agus leis sin freisin is féidir leat aon cheann acu a phósadh - más sin é do thoil""Agus sin é mo thoil" arsa Donnchadh. "Cuir é seo ar do shúilibh ar feadh tamaill arsa an sgológ. Chuir sé púicín ar a shúilibh agus nuair a bhain sé astab arís é chonnaic sé na cailíní is deise dá bhfaca sé ariamh agus do thuit sé in grádh le ceann acu ar an bpuinnte. Inghean Ríogh Ulaidh a bhí innte agus do phós sé í. Dubhairt an sgológ leis nuair a bhí sé ag imtheacht abhaile a theacht aríst an maidin in a dhiaidh sin agus go mbeadh cluiche eile cártaí acu.
    Ar maidin dhúisigh a bhean nuadh é go moch. Dubhairt sí leis go ngeobhfadh sé an buaidh ar sgolóig. Dubhairt sé leis freisin go ngeobhfadh sé capaillín agus go mbeadh an capaillín eitilt san aer. Thug sí béalbhach dó annsin agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish