School: Tulach Cadhain (roll number 8446)

Location:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Duibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 048

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 048

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulach Cadhain
  2. XML Page 048
  3. XML “An Chuinneog”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tugtar maistreadh nó bainne géar uirthí.
    Ach anois fé’n chuinneóig, chuala mé go bhfuil sé suas lé fice cúig bliain sa teach agus de réir thuairm m’ athair tá sé déanta de dhaile bán. Tá sé lúbanna thart timcheall uirthi chun an adhmaid a choinneal lé chéile. Níl aon marcanna uirthí. Tá go leohr gleasanna san chuinneóig.
    Seo iad;
    An loinithe agus an cois loinithe. Clár an chuinneóig, cupán an chuinneóig, an claibín agus an caipín. Déantar maistreadh lá beagnach, agus gach tríomhadh nó ceathrú lá sa Gheimhreadh. Nuair a bhíonn an maistreadh déanta tógann siad an tim amach le cupán adhmaid.
    Má thagann stróinséar isteach le linn an maistreadh, buaileann seisean greas uirthi. Lá amháin, bhí bean ag déanamh maistreadh, agus tháinic chomharsa léithí a bhíodh ag ime uaithí, isteach. Bhuail sise griosál uirthí. D'imthigh sí léithí. Ag imtheacht dí dubairt bean a’ tige léi- “Beidh sé le fághail agat sa trathnóna.” Tosaigh sí ag déanamh na maistrighe arís, ach dá mbeadh sí leis ó soin, níorbh féidir léi í a bhriseadh. Níorbh’ féidir léi d’fhághall aisti acht cúbhar agus meige. Tháinic an chomharsa isteach arís
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Language
    Irish