School: Tulach Cadhain (roll number 8446)
- Location:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Duibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulach Cadhain
- XML Page 051
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)páistí ina gcodladh ann.
Thosuigh sé air ag ithe agus nuair a dhearc sé arís cheap sé go bhfaca sé áit lé h-aghaidh duine eile sa leabaidh. "T'ainm an diabhail" ar seisean, "luighfidh mé isteach go maidin." Luigh sé ann agus bhí sé chomh compóirteamhail agus gur ar éigin a thuit sé ina chodladh. Dhúisigh sé go moch ar maidin. Bhí an béilidh ar an mbord roimhe. D'ith sé béilidh mór agus d'imthigh sé leis.
Bhí an fear eile ar bharr an tsléibhe. "Buel a dhiabhail" ars'an aoraidh, "cé'n chaoi ar chaith tú na h-oidhche." "Ó" ars'an fear eile, "ní raibh rud ar bith lé fosgadh a thabhairt dhom, acht mo hata agus mo mhaide. Ó tá mé préachtuigheadh leis an bhfuacht," acht ar seisean, "cé'n chaoi ar chaith tú an oidhche." "Óra" ars'an fear "d'ith mé dá bhéilidh móra agus is ar éigin a bhí mé indon codladh a dhéanamh ar chor ar bith, acht tar leat go dtí an sagart." D'innis an aoraidh do'n sagart fá'n teach agus fá'n trí páiste sa leabaidh. "Buel" ars'an sagart, "nach bhfuair trúir páistí bás orta-sa." "Fuair" ars'an aoraidh." Bhí tusa sna Flaithis in-éinfeacht leobh aréir agus rinne siad áit dhuit ina leabaidh féin," ars'an sagart óg, "acht maidin (leis) leat-sa níl a fhios agam cé'n áit a raibh tú." Bhí (o)air an fear dul abhaile agus é préachtaí leis an bhfuacht.