School: Tulach Cadhain (roll number 8446)

Location:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Duibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 054

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 054

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulach Cadhain
  2. XML Page 054
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    go dtí an teach agus fuair sé amach gur teach ósta a bhí ann. Dubhairt sé leis an ostóir, béile a fhághail dó féin agus dá mháthair. Dubhairt sé go raibh a mháthair thíos ag an droichid, agus , ar seisean dubhairt mé léithí fanacht ann go dtiocfaidh mé amach.
    Thosuigh sé air ag ithe a bhricfeasta agus dubhairt sé lé fear a'tighe dul amach agus a rádh lé'n a mháthair teacht go a bricfeasta, acht ar seisean, "Tá sí roinnt bodhar agus tabhair buile di nó ní thiubhradh sí aon áird ort agus annsin abair léi teacht isteach."
    Chuaidh an fear amach agus (to) thug sé buile beag dí acht ní raibh aon áird ag an mnaoi air. Dubhairt sé léi go h-árd annsin. "tar isteach go dtí do bhricfeasta." thug sé buile eile dí annsin agus thuit sí isteach san uisce. Lé sin leig an fear sgread as, "ó arsa an fear céard a dhéanfadh mé ar chor ar bith." Chuaidh an fear amach, agus chas an ostóir air: "ó thuit sí isteach san uisce," ars' an óstóir, acht arsa sé, "tiubhraidh mé cead go leith punt duit acht ná innis d'aon neach beo céard a thárla di." " Atá go maith ars' an duine bocht, ní innseóchaidh mé d'aon neach fúithi."
    D'imthigh sé leis abahile agus a phocaí lán lé airgead. D'fiafruigh a bheirt dhearbhráthair de, cé'n áit a bhfuair sé an t-airgead. D'innis sé dóibh faoi an teach ósta agus fé'n droichid beag.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Breathnach
    Gender
    Male
    Address
    Gort an Chalaidh, Co. Galway
    Informant
    Micheál Breathnach
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Gort an Chalaidh, Co. Galway