Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- Suíomh:
- Rosscahill, Co. Galway
- Múinteoir: Mícheál Mac Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)is mo a bhfuil eolas aige ar an aimsir an gabhar agus deir na daoine ma thagan na gabhar abhaile go luath sa trathnona go bhfuil báisteach air. Nuair a bhíos ceo ar na cnuic bíonn báisteach air freisin:- Ceo ar na chnuic Ceo an donais. Nuair a bhíos ceo ar an loch deir na daoine go bhfuil aimsear bhreagh air. Nuair a bhíos na leacracha ag lonnradh ar na cnuic deireann na sean-daoine go bhfuil baisteach lé teacht. Nuair a bhíos an ghealach leath bhaidhte sa spéir deireann na sean daoine go bhfuil báisteach air. Má chloiseann na daoine an eas agus torann mór aige deireann go bhfuil báisteach air. Ma fheiceann na daoine bógh ceatha ar maidin deireann siad go bhfuil báisteach air, agus má fheiceann na daoine bógh ceatha sa tráthnona deireann siad go bhfuil aimsear bhreagh air.Bíonn an gaoth a dtuaidh nuair a bhíos an sioc ann. Séideann an gaoth sin os cionn na reigiuin reoidhte o thuaidh agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gortnagroagh, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Gortnagroagh, Co. Galway