School: Ros Muc
- Location:
- Ros Muc, Co. Galway
- Teacher: Stiofán Ó hOisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ros Muc
- XML Page 326
- XML “Pota Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Croca óir i bhfolach
Tá sé ráidhte go bhfuil pota óir i bhfolach amuigh in Úraid faoi charraig mhóir agus go bfhuil girrfhiadh mór ag tabhairt aire dhó. Bhí fear ag brionglóidigh trí oidhche i ndiaidh a chéile air. Chuaidh sé ag cuartú an óir annsin mar bhí sé cinnte go bhfuigheadh sé é fá go raibh sé ag brionglóidigh trí oidhche i ndiaidh a chéile air. Thug sé láidhe leis agus thosuigh sé ag cartú. Nuair a bhí roinnt cartuighthe aige léim girrfhiadh mór agus thosuigh sé dhá sgríobadh. Sgannruigheadh an fear agus rith sé comh tapaidh is bhí sé i ndon. Nuair a bhí sé imighthe sgathamh maith bhreathnuigh sé siar agus chonnaic sé seanfhear ag líonadh suas an phoill.Deirtear gur fear a bhí na comhnuidhe i n-Úraid fadó agus gurbh é a chuir an t-ór i bhfolach. Fear misneamhail saidhbhir a bhí ann. Bhí go leor stoc agus airgid aige. Bhí aon mhac amháin aige. Fear breágh óg a bhí ann agus bhí an t-athair an ríméabach as agus b mhian leis go mbéadh sé saidbhir(continues on next page)- Collector
- Máire Treasa Ní Mháille
- Gender
- Female
- Address
- An Turlach, Co. Galway
- Informant
- Bean Chuilm Uí Máille
- Gender
- Female
- Age
- 40
- Address
- An Turlach, Co. Galway