School: Ros Muc

Location:
Ros Muc, Co. Galway
Teacher:
Stiofán Ó hOisín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 426

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 426

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ros Muc
  2. XML Page 426
  3. XML “An Tarbh Breac”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An tarbh breac
    Bhí fear ann fadó agus phós sé. Bhí mac aige. Is gearr gur cailleadh a bhean agus phós an fear arís agus bhí an leas mháthair an dona do'n bhuachaill. Chuireadh sí amach é 'chuile lá ag fosaidheacht ar an sliabh agus ní thugadh sí a leath dhóthain le n-ithe dhó agus bhíodh sé ag ithe an fhéir a bhíodh ag na beithidhigh. Aon lá amháin bhí sé ag fosaidheacht agus tháinic tarbh aige agus dubhairt sé leis an mbuachaill, "Cas an adharc seo". Chas an buachaill an adharc agus tháinic an béile is deise chonnaic sé ariamh amach ar an talamh aige. Nuair a tháinic sé abhaile tráthnóna ní raibh sé i ndon aon bhlas ithe. Bhí fhios ag an leas mháthair gur ith sé rud éicint. Bhí triúr ingean aice agus chuir sí an chéad amach lár na bháireach dhá fhaire agus nuair a bhí sé an haon a chlog chuala sí an ceol is deise chuala sí ariamh agus thuit sí ina codladh. Tháini[c]
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Ghríobhtha
    Gender
    Female
    Address
    Ros Cíde, Co. Galway
    Informant
    Pádraig Ó Gríobhtha
    Gender
    Male
    Age
    26
    Address
    Ros Cíde, Co. Galway