Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)

Suíomh:
Béal an Daingin, Co. Galway
Múinteoir:
Séamus Ó Tomhnra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 015

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 015

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tuairín
  2. XML Leathanach 015
  3. XML “Amhrán na bhFiachán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Déarfaigh muid feasta gur maith iad na fíochain
    Mar tá siad 'cur síoda ar mhná Leitir Móir
    Gúnaí go talamh agus "Blouse" as a chionn sin
    Agus Chuile lá Saoire gloinne la n-ól
    'Sé Réamonn Na n-oileán Máighistear na bhFíochain
    Is measa linn faoi é ná aon duine beo
    Ní thairrneóch' sé aon duine isteach ins an tír seo
    Gan páighe mhaith dhaor, sin leath chróin sa ló
    Nár bheag a bfiú an sean bhád
    Nuair a thosuigh siad ar fhiochain
    Ac anois tá sí 'cinnt ar abhfuil aca ann
    'Caitheamh Ribíní dearga agus bratacha síoda
    Is "show" mhór sa saoghal í ó láimh Mharcuis Sheáin
    Cruinneóch' muid puiteach is lathach 'na timcheall
    'Chuinneóchas faoi mhí shlacht í an fhad bhéas sí ann
    Mar tá orm faitchíos roimh uaisle na tíre
    Go dtiurfaidh siad uaim í le dhul ar an ngeall.
    Ar Charraig Na Meachain Thiar 'Choinnic mé indé í
    ba gheall leis an éan í thuas ar an gcraoibh
    Níor thuísge sa mbaile í na thiar ag Ceann Léime
    Is go dtug sise an "sway" leí ó "Cutter" an Ríogh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Tomhnra
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Ceallaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Tuairín Mín, Co. Galway