Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)

Suíomh:
Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Tomhnra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 034

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 034

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tuairín
  2. XML Leathanach 034
  3. XML “Seán Ó Deireáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tráthnóna deireanach indeire an Fhóghmhair
    'Seadh chuaidh an sgéal brónach i bhfad is i ngearr
    Nuair tóigeadh an t-oifigeach as an oileán Gaedhealach
    Chuaidh a cháil tríd Éirinn le'n a bhéasaí breágh'
    Thosuigh na buachaillí ag déanamh réidhteach
    Is na cailíní glégeal' ag gol go h-árd
    Nac claidhereach an cleas é nac buaidheartha an beart é
    Le déanamh ar an óglach a b'fearr le fághail.
    Thuit na blátha de na géaga
    Agus níor labhair an chéirseach ná an lon dubh breágh
    Níor eirigh an ghealach agus níor las na réalta
    Mar gheall ar an éagcóir a déanamh ar an gCaptaoin Seán.
    Nuair fuair muid amach cá raibh sé
    Chuaidh muid go dtí é, Rinne sé gáire agus chraith sé a Cheann
    "Tá mé ag iomchur na croise mar bhí an t-aon mhac Íosa
    Agus béidh sé sin le déanamh againn sul a mbéidh muid slán
    Thosuigh sé ag cainnt agus 'cur síos ar Chríost
    Ar an maighdean naomhtha agus ar a Páis
    Ar an maighdean bheannuighthe dubhairt mo sheacht ghrádh thú a Íosa
    Agus béidh an grádh seo choidhche againn i gcroidh' na mná
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Tomhnra
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Mhógáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Tuairín Mín, Co. na Gaillimhe