Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)
- Suíomh:
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Tomhnra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tuairín
- XML Leathanach 028
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Casadh isteach i dteach tórraimh mé, Ní raibh aithne ró mhór orm ann...”
Casadh isteach i dteach tórraimh mé
Ní raibh aithne ró mhór orm ann
Leagadh anuas stól mór a'am
Agus cailín deas óg ar a cheannTheann mise anall mar ba chóir dom
Chuir mé mo lámh thairste anall
Dhá mhéad á raibh den aois óig ann
Dheasuigh mé an clóca ar a ceannShiubhal mise cnuic agus sléibhte
Agus taltaí a bhí géar as a mbárr
Agus a lán bealaigh eile nac ndéarfainn
Gan sméaróid céille 'mo cheannCodladh ní fhéadaim a dhéanamh
Mar gheall ar a' gcroidhe atá a' réabadh 'mo lár
Mar gheall ar an ainnirín spéireamhail
Nac bhfeicfead in Éirinn go bráthach- Bailitheoir
- Séamus Ó Tomhnra
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Loinsigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe