Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)

Suíomh:
Béal an Daingin, Co. Galway
Múinteoir:
Séamus Ó Tomhnra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 032

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 032

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tuairín
  2. XML Leathanach 032
  3. XML “Buachaill Caol Ard”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is a bhuachaill caol árd is é mo ghrádh liom t-éadan tanaidhe
    Bíonn mo mhuinntir dhá dhíbirt gac oidhche dá dtéigheann sé ar cuairt
    Béal an Átha Buidhe is é a fhághail breac ballach le buaibh
    Is go dtiubharfainn do mo mhian é ach é a fhághail sínte le bun an chnuic ruaidh
    'Sa bhuachaillín bán nac breágh is nac deas é do shnuadh
    Do leiceann-ín áluinn is ní áirighim leagan do shúl
    Chonnaich mé an lá gur measa leat mise na triúr
    Glach misneach a ghrádh bán agus ná fág mé an fhad eile faoi bhrón
    'Sa bhuachaillín bán is tú tús agus deire mo sgéil
    Shiubhalfainn-se an drúct leat is ní lúbfainn bárr glas an fhéir
    Phósfainn-se tusa marach triúr is ceathar do dhiaidh
    Ach dhá mbeadh mo "Mhammy" le cúmhthach is tú rún is grádh geall mo chléibh
    Is a' gcuimhnigheann tú a ghrádh bán an oidhche a raibh muid cruinn sa teach mór
    Bhí na gloinneacha fíon ann is iad líonta gábhail tharrainn ar bord
    Nár mhilis é an fíon, is nár mhí mheaseamhail bean i dteach óil
    Tá mo ghrádh-sa cruadh críonnais céad faraoir tá mise go h-óg
    'Sa bhuachaillín bán nár mhór é mo chathughadh 'do dhiaidh
    Chuir mé an fhuil t-sróna naoi n-uaire ó mhaidin indé
    Níor bhlas mé go bhiadh ó chuala me fearg do bhéil
    Ach má théigheann tusa romham-sa cuirfidh mé leac ort sa gcr [?]
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Tomhnra
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire Fhatharta, Co. Galway