Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bóithrín an Chóisde.
Fadó bhíodh an Cóisde bodhar ag dul siar an bóithrín sin agus suas bóithrín an phúca.
Bóithrín an tSean Chroch.
Sé an fáth a tugtar an tSean Chroch ar mar geall ar go raibh áit annsin fadó le daoine a chrochadh.
Baile an Bhóthair.
Sé an fáth a tugtar baile an bóthair air mar gheall go bhfuil an baile ar fad ar aon taobh amháin an bhóthair.
Bóithrín Muireadhaighe.
Sé an fáth go bhfuil an t-ainm sin air mar gheall go raibh sean-fhígheadóir annsin fadó agus sé an t-ainm a bhí air ná Tomás Ó Muireadhuigh.
Bóithrín Uí Bhótháin.
Tugtar bhóithrín Uí Bhótháin air mar gheall go raibh fear ina chómhnuidhe ag bárr an bhóithrin sin d’arb ainm dó Bótháin.
Bóithrín na dtinceirí.
Tugtar bóithrín na dtincéirí ar mar gheall ar go mbíonn na tincéirí ina gcómhnuidhe ann.
Bóithrín an Phúca.
Tugtar bóithrín an Phúca ar mar gheall go sílfheadh na daoine fadó go mbíodh pucaí ins an mbóithrín sin.- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Ruaidhín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Coill Uachtair, Co. Galway