Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh

Suíomh:
Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway
Múinteoir:
Míchéal Ó Reachtabhra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 195

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 195

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
  2. XML Leathanach 195
  3. XML “Tobair Bheannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a theigheann siad ann fágann siad pighinn nó biorán, nuair a bhíonn siad ag déanamh an turas fághann siad cúig clocha déag agus teigheann siad cúig uair déag thart air. Nuair a bhíos an turas déanta acú ólann siad braon de’n uisce. Tá Loch an tSáile taobh thoir de Ghaillimh ar an mbóthar beag.
    Tá tobar eile in mo thalamh féin. Tobar Labhráis. Bráthair a bhí ann. Bíonn uisce ann sa ngeimhreadh.
    Ní’l aon leigheas ar an uisce. Tá ceann eile ins na coiléara i nGort an Chalaidh. Ní’l aon uisce ann anois. Nuair a bhí sé ann. Deirtear go raibh leigheas ann le h-aghaidh an Bhruinne Dhearg.
    Tá tobar Labhráis trí mhíle ó Ghaillimh i gCoill Uachtair.
    Tá tobar an Choiléar[“Choiléir”] i Mionlach tuairim ceithre mhíle ó Ghaillimh ar an taobh thíos.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí hÓgáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile an Dúlaigh, Co. Galway