Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)againn ar an lá deireannach de mhí Foghmair. Bíonn báirríní breaca ag gach duine an oidhche sin, agus bíonn fáinne istigh ann. Bíonn gach duine ag faire ar an bhfáinne.
Deirtear go mbíonn na púcaí ar fad amuigh an oidhche sin, agus déanann siad sgrios ar na rudaí. Bíonn cácaí milse ag gach duine an oidhche sin, annsin tuairim is a deich a chlog. Bíonn tae, cácaí milis agus báirríní breaca againn, agus bosca milseán freisin.
Bíonn na sean-daoine ag innseacht sgéalta an oidhche sin. Bíonn rí-rá agus rúille-bíulle ins na páirceanna. Ní fhanann aon duine amuigh deireannach an oidhche sin mar bíonn faitchíos orra roim na púcaí. Na shean daoine a bhíos sean ní bíonn aon spóirt acú. Deirtear nach ceart aon sméara a ithe i ndiaidh oidhche Shamna, ag magadh a bhíos siad, tá mé ag ceapadh.
Oidhche Féile San Séain bíonn teinte cnámh againn. Bíonn an spóírt againn. Ar dtús chruinneóchadh na buachaillí go leor móna agus chuirfeadh siad suas ar chlocha é. Annsin chuirfheadh siad splannc teineadh ann. Chruinneochadh go leor daoine thart air.
Bíonn gléas ceoil aca agus bíonn cuid eile aca ag damhsa agus ag seinnm. Bíonn an-áthas ar gach duine agus bíonn ríméad orra.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ó Fíne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Currach Mór, Co. Galway