Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Kerry
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 121

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 121

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Smerwick (B.)
  2. XML Leathanach 121
  3. XML “An Muilleoir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gárda chun an phrisún chuige le na shuipéir agus dúbairt sé leis go raibh sé le crochadh amáireach. Ní chuireann san aon mhairbh orm arsa an fear bocht. Anois arsa an fear bocht táim le crochad amáireac agus táim ag iarraid aon actnuighe amháin ort is tá súil agam na heiteóghaid tú mé. Ní fheadfad arsa an gárda mas feidir liom é. Bfheárr liom ná rud maith go bfaighinn aon radarc amháin ar mo bhean agus mó banbhaí sara gcrocfar mé.
    Táim in amras go bhfuil páisdí óg aicí ó d'fhágas go deireannach í. Táim á gheallamhaint duith go mbeadh thar nais thar éis trí fichid neomat. Táim sásta arsa an gárda má bhíonn tú thar nais air do geallamaint. Dimthig sé air is ní stad sé gur bhain sé amach doras a thíghe féin. Do stad sé agus chuimnig shé. Dúbhairt sé leis féin má raghad sé isteach go gcoimeadfad a chean ró fhada ag cainnt é. Dimthig sé air aríst agus cé bhuailfhead leis acht tig an mhuilteóra. Stad sé is chuimnigh sé air féin sead air seisean táim le crochad indiu agus tá sé chómh maith agam an muilteóir a rabháil ar fadh anocht.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. people
        1. robbers (~423)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Dómhnall Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    15
    Seoladh
    An Baile Loiscthe, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Peig Cé
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Baile Loiscthe, Co. Kerry