Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 710

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 710

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 710
  3. XML “Cruatan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó nuair a bhí saighdíuirí Chromuel in Eírinn bhidís ag dul ó áit go h-áit ag lorg na sagart chun iadh do mharbhú le linn iad do bheith ag léigheam aifrinn. Maidin amháin thángadar go dtí áit atá i gcnoc gCoíll Bhaile Uí Fhlaitheamh (?) i bparóiste Chaislean a' Ghriaire, aít go nglaodhtar "Gob Coille" air. Fuireadar sagart ag léigheamh aifrinn ann. Do bhaineadar an ceann de agus do rugadar an ceann agus an colann leó treasna an cnuic soir trí áit go ngláotar "Carraig an Fhiaidh," air. Tá cloch annsan agus nuair tháinig na saighdíuirí go dtí an cloch, do stadadar, agus do dhoirt an fhuil anuas ar an gcloich agus tá sí lé feiscint ann indiu chómh soiléir agus a bhí sí an lá a doirteadh í. Ó'n lá san glaodhthar ar an gcairrig sin "Cloch a' t-Sagairth" Do chuireadar an corp i "gCill Comarthach" i dtalamh Séain Uí Fearghaill i n"Dubh Átha," agus rugadar an ceann go Túr Londain.
    Fuareas an sgéal seo óm athair atá 58 bl d'aois. Chualaidh sé sin iad óna sheana athair atá marbh anois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. hardship (~1,565)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Shéaghdha
    Inscne
    Baineann