Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 744

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 744

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 744
  3. XML “Áitainmneacha na Páirceanna atá i bhFeirm M'Athar i Lios na Caolbhuí, Breanndán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Garraidhe an Gheataig:- mar bhí geata anna ríamh
    Garraidhe Rabine:- mar bhí fear i Lios-na-Caolbhuidhe fadó gurb ainm do Rabine agus bhiodh sé curtha aige gach bliain
    Garraidhe Bán:- mar bhíonn sé lán de neóininí san t-Samhradh
    Garraidhe Liocthán:- mar tá sí lán de liochtáín
    Garraidhe an Gleanna:- mar tá dhá ghleann mhóra ínnte
    Garrdihe Churráin:- mar bhí fear i Lios-na-Caolbhuidhe fadó gurb ainm do Churráín agus bhíodh an páirc sin curtha aige gach blíain
    Garraidhe Caol:- mar tá sí ana chaol ar fad
    Garraidhe Úachtarach:- mar tá sí ar bárr an bhóthair
    Garraidhe Nuadh:- bhí an páirc ana gharbh agus bhí mórán cloch agus aitinn ann ach do baineadh an t-aiteann - do ghlanadh aisti is do deineadh pairc maith dhi
    Garraide Seáín Móínéíll:- mar bhí an páirc sin ag fear gurb ainm do Sean Móinéill fadó
    Garraide Beag Garbh:- mar garraidhe beag garbh lán de clocha is sceacha isead í
    Garraidhe Thomáis Chonchúbhair:- mar bhí an pairc sin fadó ag fear gurb ainm do Tómas Ó Chonchúbhair
    Pairc Ghlas:- mar bíonn sí glas sa t-Samhradh agus san Geimhreadh
    An Macha:- mar páirc mór fada isead í na mbíonn na ba i gcómhnaidhe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Lios na Caolbhuí, Co. Kerry
    Bailitheoir
    Seamus d'h- Órda
    Inscne
    Fireann