School: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire (roll number 14767)
- Location:
- Aughacasla North, Co. Kerry
- Teacher: S. Ó Téacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thánadar chun cleamhnais a dhéanamh. Thógadh gach cheann gloine de'n bhiotáille. Bhíodh siad ag áiteamh ar feadh tamaill. Uaireanta briseadh an cleamhnais mar gheall ar cúplacaorach. Bhíodh cóisire aca fadó. Cóisire a tugtair. Lá an phósta thagadh cáirde na mná go tigh an bhuachalla agus éadaighe nua ar gach cheann aca. Annsan théígheadh siad go dtí an séipéal. Bhíodh an lánamha i "Side-Car" agus bhíodh na daoine eile ag marchaidheacht ar chapaill. Nuair a thagadh na daoine abhaile ó'n t-séípéil, théígheadh siad go tigh an bhuachall. Chaithidís oidhche ann, ag ithe is ag ól ag rinnce agus ag déanamh spóirt. Timcheall a dódheag a chlog thaghadh na "buachaillí tuighe" (?) isteach.Bhíodh agaidh feidil ar gach duine aca. Bhíodh sgiorta tuighe agus "Caibín Cub" ortha. Chuireadh muinntir tighe fáilte agus fiche rómpa. Bhíodh biadh agus deoch, fé leith ag muinntir an tighe dóibh. I ndeireadh na h-oihdche bhainidís na h-aghaidhthe feidil díobh agus bhíodh siad cosamhail leis na daoine eile. Nuair a bhíodh an lánamha ag teacht abhaile tar-éis an "Honeymoon" bhíodh oidhche eile ag na daoine i dtig an cailín. "Breith-abhaile," "Drag Home" a tugtí air. Bíonn sé aca fós.Deirtear go mbeadh mí-ádh ar an lánamha dá mbuailfidís le sochraid nó dá mbeadh corp insan t-seipéal, an lá a phósfaoi. Deirtear go mbeadh ád ag an duine go mbeadh an ghrian ag taithneamh air. Fadó(continues on next page)
- Collector
- Labhrás Ó Cearbhaill
- Gender
- Male
- Address
- Castlegregory, Co. Kerry
- Informant
- Máire Bean Uí Aodhgáin
- Gender
- Female
- Address
- Castlegregory, Co. Kerry