School: Cnoc na gCaiseal (B.) (roll number 9708)

Location:
Knocknagashel, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ua hErnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0450, Page 080

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0450, Page 080

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc na gCaiseal (B.)
  2. XML Page 080
  3. XML “Séamus an Fhíodóra”
  4. XML “Uillioc Ó Céirín - Eulick Cairn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do chomhnuigh fear darab ainm Séamus Ó Catháin thall i dtuairín Ochuig, atá leath-slighe idir Cnoc-na gCaiseal agus Mullach a' Bhrosnagh.
    Bhí Séamus ar an saoghal so timcheall céad bliadhain ó shoin
    Figheadóir agus file do beadh é. ach bhí slighe-bheathadh eile aige leis, báille do beadh é.
    Chuaidh sé amach lá chun barántais do sheirbheáil ar mhnaoi, ach nuair do chonnaic sí ar a téicheadh. Rith Séamus in a diaidh ach do theip air teacht suas lei.
    Nuair d'fhill ré abhaile um thráthnóna d'fhiafruig a bhean féin de conus ar éirigh leis.
    Sid é an freagra do fuair sí. -
    "dá fhaid mise 'm'bháille nior crádhadh riamh an croidhe 'gam.
    Gur cuireadh i ndiaidh Mháire MhÓir Láidir Ní Bhrughin mé.
    Shiubhlaigheas an baile bán dí, Tigh Thálbot, 's na coillte.
    Agus nuair a bhinn-se san árd do bhíodh Máire san iseal."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. File eile do beadh Eulick Cairn. Bhí mac darab ainm Seán aige. Lá áirighthe cuireadh Seán amach ag scoilteadh giúise ag a athair, ach tháinig sé isteach i gceann tamaillín gan mórán déanta aige. Ca' na thaobh ná fuil tú ag obair a Sheáin, ars a athair. Seo é an freagra a fuair sé. -
    "Bhí smután cas, cruaidh ann, agus tuagh bhí ar bogadh
    an ghaoth anoir 'dtuaidh, agus fuacht ar mo chosa
    agus bochtán gan fuaimeint a d'iarraidh é scolthadh."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Heffernan
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Knocknagashel, Co. Kerry