Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Killarney, Co. Kerry
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 015

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 015

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 015
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    “Neosfaidh mé duit ach cad á uait-se?” “Tá deoch breágh uisge glan.” ar seisean. “B’an fhuiriste dom é sin a d’fhághail ach deoch fíona a loirg an gabhar orm.” “Léan air an fheasóigín mothallach fhuigheallach.” Mise a bhaineann na giobaill de na daoine agus a cuireann síoda breágh ar a ndrom,” “Bhailig leat?” agus do bhailigh sé leis annsan. An tarna rud a bhuail sé leis annsan ná fear críonna. Bhí féasóg leath síos go dtí béal a bhróg air. “Cad é sin an t-aos atáinn tú?” arsan garsún leis. “Nílim.” ar seisean, “ach dhá céad blian. “B’shin a bhfuileann tú?” arsa mac na bainntrighe. B’fhéidir, ach nuair beidhfear féin ag m’aois gur suarach an tuirt thú. Bíodh ag cur díot uaim.” ar seisean. Bhailig sé leis uaidh agus nuair a fuair sé é féin amach as an gcoill, do bhuail trí cosáin uime leis ag ceann na coille. Bhí dhá ceann móra leathana agus ceann beag eile ana chaol. “Tógfaidh mé an ceann caol.” ar seisean, “fé mar dúbhairt mo mháthair mar geall ar an mbulóig, gheóbhaidh mé an ceann caol,” ar seisean. Chuir sé de sa chosán caol, shiubhail sé ceann i bhfad d’Éirinn. Tar éis ceithre míle do siubhal, do chonnaic sé tig ana bhreágh agus ba mhór an t-ionghganntas tig breágh a fheiscint san am san. Chuaidh sé isteach agus bhí bean bhreágh tighe istig roimis. Do loirg sé greim le n-ithe di “A geóbhaidh tú is fáilte,” ar sise.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1088: Eating Contest
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Suilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Seoladh
    Killarney, Co. Kerry