Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Killarney, Co. Kerry
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)shiubhal a chos agus é deireannach go maith ‘san oidhche. Ag cur na slíghe dhe connaic sé lios ar taobh an bhóthair. Tháinig fear amach as béal an leasa agus chuir sé cainnt ar an Luaiséadach. “Tar liom annso isteach” ar seisean. Fear mís-núil ab eadh Luaiséad. Chuaidh sé isteach ‘an lios le cois an fhir eile. Bhí seomra ann istig agus é go geal le soillse. “An bh’aon deifir leat seasamh mar athair baistighe le leanbh,” labhair Fear an leasa le Luaiséad. Baisteadh an leanbh. Labhair Fear an leasa arís “Má’s maith leat d’inghean d’fheiscint anois tá sí le feisgint agat.” “Ana mhaith” a dúbhairt an fear eile. Cuadar isteach i seómra eile agus is ann a bhí an inghean in a luighe i leabaidh. Labhair sí agus a h-athair le’n a chéile. Bhí áthas agus eirighe croidhe ortha araon gan amhras. “Liom-sa ‘s eadh an leanbh a chonnaicís annso” a dubhairt an bhean óg. “Táim annso” ar sise ó’n dtráthnóna úd gur fhághus tusa. Fuadúigeód annso isteach mé, ach iarraim ort má deintear biadh ná deoch a thairrsgint annso duit ná bain leis." Labhair Fear an leasa arís. “Má’s maith leat d’inghean a thabhairt abhaile níl a bhac ort í bhreith leath anois” ar seisean. “Ó(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Cróinín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Gearóid Mach Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lios Póil, Co. Kerry