Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Killarney, Co. Kerry
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 070

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 070

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 070
  3. XML “Lios an Aifrinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lios an Aifrinn
    I mbaile Ráth-Fhionán i bparóiste Cíll-Cuimín trí míle ó Cill-Áirne tá áit ar a dtugtar “Lios an Aifrinn.” Tá cros ann anois agus de marmar agus de chloch aoil atá an chros déanta. Tá ráil iarainn mór-thimceall na croise. “ Do chuireadh an chros seo ar bun mar cuimhneachán ar an áit in a mbíodh an t-Aifreann dá léigheamh le linn an droch-shaoghal nuair ná bíodh díon nó slinn ós cionn áltóra Dé agus saighdiúirí an rí ar thóir an phobal.” Sin a bhfuil sgríobhta ar an gcrois. Sé an Canónach Ó Loínsig a bhí na chomhnaidhe sa pharóiste do chur ar bun í. Ar bhárr cnuic atá sí suidhte. Tá lios mhór in aice na croise. Do bhí taoiseach darbh ainm dó Fionán ‘na chómhnaidhe ann agus sin é an fáth gur baisteadh Ráth Fhionáin ar an áit.
    Ainm an duine ó’n a bhfuaras é:-
    Bean Pléimionn, Claidhe-Doimhin, Cill-Cuimín.
    Ainm an cailín a fuair é:-
    Síle Pléimionn
    A sheóladh – Claidhe-Doimhin, Cill-Cuimín
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    2. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Rahanane, Co. Kerry
    Bailitheoir
    Síghle Pléimionn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Kilcummin, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Bean Pléimionn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Kilcummin, Co. Kerry