Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Killarney, Co. Kerry
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 105

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 105

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 105
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chuaid, chuaid sí isteach roimis, agus tháinig árd eagla air, mar ní raibh aon tig in aice leis. Do bhuail sé breóite láithreach in a dhíaíd. Tháinig an sagart cuige.
    “Ar bhuailis é,” arsa seisean.
    Im bríathar féin nár bhuaileas,” ar’s’ an fear. “Ar chuais isteach i dígh an bóthair uaidh” ars’ an sagart.
    “Do cuas a Athair,” ars’ an fear.
    “Ar dtáinig sí romhat arís ann.” “Do tháinig a Athiar.”
    “Ar cuais isteach i dígh atá ar an dtaobh eile?”
    “Do cuas, ach níor dhein sé an gnó dom.”
    “Ar lean sí i bfad tú?”
    “Ní feadar a Athair, bhí an iomad eagla orm.”
    “Ar bhuail aon streallán uisge leat ar mbóthar!”
    “Bhuail a Athair.”
    “Ar lean sí thairis an uisge?”
    “Níor lean a Athair.”
    “Molad le Día” ars’ an sagart “mar, ní feichidh tú arís ar fead do shaoghail í.”
    Ainm an duine ó’n a bhfuaras an sgéal:-
    Pádruig Ua Súilleabháin
    Tig na mBocht, Cíll Áirne
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Killarney, Co. Kerry