School: Gort na Cloiche (Rockfield) (roll number 14025/6)

Location:
Rockfield Middle, Co. Kerry
Teacher:
Donnchadh Ó h-Éaluighthe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0458, Page 099

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0458, Page 099

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort na Cloiche (Rockfield)
  2. XML Page 099
  3. XML “Scéal ó Oileán Dairbhre”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 12/
    Scéul ó Oileán Dairbhre
    Tá shean-fhothrach i mBaile Manach in oileán dairbhre an áit is aoibhne sa domhan. San áit sin tá fothrach in a raibh clochar Naomh Derarca (Dar Erca) driofúr do Pádruig Naomhtha. Timcheall leath-mhíle ó mbaile mánach tá tobar naomhtha. Tobar Rí an Domhnaig a tugtar air.
    Téigheann oilithrigh ann go minic go mór mór deire na seachtmhaine ó thráthnóna de hAoine go Domhnach. Deireann siad an Coróin Mhuire ag dul mór thimceall trí uaire agus annsan deineann siad cómhartha na Croise le lic ar leach atá ós comhair an tobar amach. Annsan caitheann siad cúpla cloch in áirde air chun é árdú agus annsan fágtar rud éigin istig ann mar atá - leath-pingin, pingin, biorán gruaige, no rud éigin áiseamhail agus an rud deireannach óltar braon uisge trí uaire in onóir do’n trionóid ró naomhtha.
    Tá iasg istig san uisge agus ní cuireann aoine isteach air mar deirtear gur iasg beannuighthe tá istig ann. Bhíodh patrún fadó agus thagadh na daoine ó gach árd ann. Bídís ag troid agus a mharbhú a chéile ann. Chuiridís cloch i mbuimseir agus do bhíodh gach re buile acu. Mharbhuigheadh fear ann annsin agus do chuir duine éigin mallacht ar an áit agus bin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish