Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)
- Suíomh:
- Cromane, Co. Kerry
- Múinteoir: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (C.)
- XML Leathanach 231
- XML “An Chuigeann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá meadar againn sa bhaile.
Tugtar meadar mar ainm uirthe.
Tá sí ceithre troighthe ar aoirde, tri troighthe ar fhaid ó thaobh taobh 'na bun agus dhá throigh ar fhaid ó taobh tabh 'na bárr.
Deireadh í geall le cúig bliana deug ó shoin.
Is iad so gléiseanna na meidir - an loinithe, an clár agus an cupán.
Ní cuirtear marc d'aon t-sórt ar an meidir.
Deintear an t-ím dhá uair sa t-seachtmhain san Samhradh agus aon uair amháin sa seachtmhain san nGeimhreadh.
'Sí mo mhátair a deineann an chuigeann ach tugaimíd go léir cabhair di.
Má thagann stroinsear isteach le linn na cuiginne buaileann seisean greas uirthi le h-eagla go dtógfadh sé an t-ím leis.
Bíonn an cuigeann a dheanamh uair a cluig san Samhradh agus uair go leith san nGeimhreadh.
Oibrightear an loinithe síos suas le na lámha.
Aithnightear go mbíonn an cuigeann deanta nuair a bhailigheann an t-ím 'na cnapógaibh agus nuair a cloistear glór na blathaighe agus mhothruightear meadhcaint an ime, agus nuair a cítear go bhfuil an loinithe flan.
Tógtar an t-ím suas le pláta agus cuirtear isteach i mbaisín é agus níghtear é le uisce fuair.
Cuirtear salann ann.
Díoltar cuid de agus coimeadtar cuid de i gcóir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Luíghseach Ní Chonnmhaighe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dooaghs, Co. Kerry