School: Cathair Samháin
- Location:
- Cathair Samháin, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cathair Samháin
- XML Page 394
- XML “Fionn agus a Dhailtín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fuaireas an sgéul seo leanas ó Pádraig Ó Súilleabháin (Peatsín the Sleabha). Feirmeóir 72 bliadhna a bhí ‘na chómhnuidhe i Muing-Uí-Dhúbhda- paróiste na Priarach. Fuair sé an sgéal seo ó sean fhear de muinntir Faoite a bhí thall ar an gcnocán (Ceann Eic) tímcheall 60 bliain ó shoin – bhí an sean fhear sin De Faoite tímcheall 80 bliadhna d’aois.An SgealFionn is a dhaltínDo bhí Fionn Mac Cumhaill lá i bhFionn Tráigh in-íochtar Cúige Uladh. D’eirig sé amach agus chualadh sé an cúile comhraic a bhualadh agus ’sé shéid an barra buadh. Nuair a chualadh na fir a bhí ag faire an barra buadh é (Do bhí seacht gcéad míle fear aca) bhaluigheadar go léir agus annsan thosnuigheadar ar a’ gcath.
Thángadar go l éir i gcoinnibh a chéile. Tháinig Oscar, an fear ba thréine a bhí ar a’ bhFéinn, neart deich gcapall is dachad, b’é sin an neart a bhí in Oscar Mac Fhinn. Seadh. Do mharbhuigheadar fá cionn naoi lá an Flít ar fad a tháinig, ach leanbh trí bhlíain.
I gcionn fichead blíadhain dubhairt an leanbh nuair a bhí sé i neart ‘na gaisgéach, a’ dtuigeann tú, go n-imhteóchadh sé ‘na dhúithig féin agus go dtabharfadh sé árthach óir agus árthach óil.(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Súilliobháin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Moing Uí Dhúda, Co. Kerry