Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)

Suíomh:
Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo
Múinteoir:
Liam Seóighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0090D, Leathanach 03_022

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0090D, Leathanach 03_022

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg
  2. XML Leathanach 03_022
  3. XML “An Lá a B'fhearr a Bhí agam i Rith na Laethanta Saoire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá an-maith agam i dtígh mo shean-mháthar i rith na laethanta saoire. Tá sí 'na comhnuidhe i dtighe ceann-tuighe cois na farraige timcheall dá míle déag ó'n áit seo. Teach compárdach atá ann a bhfuil gairdín deas ós a chómhair amach. Chuaidh mé féin agus mo mháthair lá amháin. Ar an mbus 'seadh chuadhamar ann mar tá sé ró-fhada chun suibhlóide. Sean bhean ceanamhail lághach atá inni. Bhí an-fháilte aici rómhainn ach dubhairt sí go mbíonn-sí beagáinín uaigneach nuair nach raib muid ag teacht ar chuairt chuice acht go h-annamh.
    D'fhágamar an teach ar a deich a chlog ar maidin agus shroich muid an cros-bhóthair leath-uair in adhaidh sin. Léimeamar isteach san mbus agus as go bráth linn. Bhí an bus lán go droid acht mar sin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Ging
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo