Imleabhar: CBÉ 0189

Dáta
1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0189, Leathanach 020

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0189, Leathanach 020

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. Bhí ferim mhór ag mmo Shean-athair ach do cuireadh amach íad.
    Bhí m'uncal agus bhiodh caoire aige ar an gcnoc agus bhiodh sé á chradh agus na maoir a' tiomáint na gcaoire air. Tháinig sé ar an maor an lá seo agus í á dtiomáint arís. Bhí sé á dtiomáint agus a' baint seoit asta. Bhí sé a tiomaint na gcaoire agus bhí an sean duine a dtarraidh iad do thiomáint tar nais ar an sliabh arís, ach niorbh fhéidir leis.
    Annsan hein sé an bhéarsa so:
    "Nach mise chuirfeadh a' tóir air
    le Mongan a' cóbac buidhe.
    Dh'iompóch' ar bior me le forsa
    Dhá mbeadh pinginn le dh'fághailt 'na shlí
    Ach ní mór ar fad liom an t-iongadh
    An faid atá gnó aca dhiobh
    'S go n-imthechaidh an gleithearán de Luther
    Nuair a raghaidh na códútors (coadjutors) sios."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    Lúnasa 1935
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir