Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)
- Suíomh:
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Gionnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Dubh
- XML Leathanach 305
- XML “Diarmuid agus Gráinne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Diarmuid agus GráinneSgatamh inéis Fionn Mac Cumhail pósadh fuair a bean bas. Ba mhaith leis an dara bean a pósad agus chuir sé teachtaire go dti teach Gráinne chun Gráinne a fhághail mar mnaoiNuair a chuaidh an teachtaire go dtí Gráinne dubhairt sí leis go raibh Fionn sáthach sean le bheith ina hathair di ach ar deireadh dubairt sí go ngabfadh sí go dti Fionn leis an teachtaire agus cuaidh.San oidhche nuair a bhí Fionn, Gol Mac Móirne, Diarmuid Ó Duibhne agus a lán eile do na Fianna ag suidhe isteach ag an bhfleadh roimh an pósadh. d’fiafruigh Gráinne cérbh iad na daoine a bhí ag an mbord. Dinnsigheadh dhi, agus ar an nóiméad sin thuit sí i ngrádh le Diarmuid. Ní raibh fios ag Gráinne ceard a dhéanfadh sí chun Diarmuid a thabhairt lei. Annsin thug sí deoch d’en cuid eile do na Fianna ach Diarmuid.Thuit codladh ar na Fianna eile agus nuair bhí siad ina gcodhladh d’iarr Gráinne ar Diarmuid a pósadh. Ní raibh Diarmuid sásta ealódh óna maighistir ach ara deire dimigh an bheirt agus pósadh iad.Nuair a dúisigh an chuid eile do na Fianna bhí brón agus mi shástacht orra agus lean siad Diarmuid agus Gráinne. Níor éirigh leo Diarmuid a ghabail choidhche agus ar deireadh thug Fionn maiteamhnas dó.Bhí siad mór le chéile ina diaid sin go dtí an lá(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Graith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Seán O Roitleain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo