Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)

Suíomh:
Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán Ó Gionnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 328

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 328

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Dubh
  2. XML Leathanach 328
  3. XML “Coll na Binn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Coll na Binn
    Dá mbeithinn féin i mbán mo gair
    Dubhach is páipéar bheith agam ann
    Is maith a sgriobhfainn in dubh ‘sa mbán
    Ar mollaigh áluinn atá ar an ngleann
    Sé n-iarfainn de impidhe ar Rí na nGrásta
    Inntleacht Homer a bheith in mo cheann
    Is gur le na mhaitheas ba mhian liom tráchadh
    Ach faraor géar tá m’intinn fann
    Tá leitir sgríobhta ar thóin mo phóca
    Le cur amaireach go Coll na Binn
    Ach go bhfuil mé mo luighe le tinneas ráithe
    Le aicíd aitrid de tinneas cinn
    Da mbéadh fios ag buachaillí is ag cailíní
    Atá ar Chúl Cnuic Néifin
    Go bhfuil mé i ngeibeann is mo luige tinn
    Is maith a tiocfad siad le eacraidh glégeala is le cóistí ??
    Sé an rud dubhairt fear Acaill liom “ná bíodh ort buaidreadh
    Gol ná géar-ghol inéis Coll na Binn
    Bhéarfad bean duit is dhá chéad bó lei
    Is acra móinfheir in aghaidh an cinn
    Bád is eangaca is béidh muid in aon bonn
    Is béarfaidh muid éadáil isteach ón tuinn
    Is déarfainn féin gur fearr an méid sin
    Ná bheith ag gol is síor ghol inéis Coll na Binn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ni Baoglain
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Micheál O Baoglain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65