Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)

Suíomh:
Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán Ó Gionnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 291

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 291

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Dubh
  2. XML Leathanach 291
  3. XML “Comhartha Sneachta”
  4. XML “Daoine Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1) Nuair a bhíonns go leór néalta gorma sa spéir bíonn sneachta air.

    2) Nuair a bhíonns bealach-na-bó finne ag gluaiseacht go mear thríd an spéir bíonn sneachta air.

    3) Nuair a bhíonns an speár dearg san áit a dteigeann an ghrian faoi deirtear go mbíonn sneachta le teacht.

    4) Nuair a bhíonns na réalta ag caitheadh soluis uatha bíonn sneachta air.

    5) Nuair a tigheanns na smugairlaigh -rón isteach leis an lán-mara bíonn sneacta air.

    6) Tigeann na Rónta isteach an-ghar do'n chladach nuair a bhíonns sneachta air.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    2. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Graith
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Mícheál O Baoglaín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
  2. 1) Bhí bean ina comhnuidhe i bPorturlainn dárbh ainm Máire Ní Chosgair agus chuaidh sí ag siubhal go Béal-an-Áthá chun dhá slat déag flainín a bhí aice a dhíol. Dhíol sí an flainín agus bhí sí abhaile arís roimh an oidhche.
    2) Bhí fear ina chomhnuidhe i bPort-an-Cluaigh darbh ainm dó Seán Ó Néill agus thug sé trí chéad mine abhaile ar a dhruim ó Béal-an-Mhuirthid. Ní dearna sé a sgíth go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.