Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)

Suíomh:
Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán Ó Gionnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 323

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 323

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Dubh
  2. XML Leathanach 323
  3. XML “Gabhfaidh mé chun Aifrinn Amáireach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Gabfaidh mé 'um Aifrinn amaíreach
    Go bfeicfidh mé grád mo chroidhe
    Agus innseócaid mé igcogar da máitrín
    Go ndeacaidh a grád in mo chroidhe

    Nach sin í sa bpobal mo grádhsa
    Agus cá bfuil an bhean breágh le na taobh
    Le finne, le gile is le breághaicte
    Is go seasfad sí os comair an Rí

    Bionn a cuid éilíní ag gaíre
    Ag tabhairt deallradh trí lár an tíghe
    Agus bá ghile liom crúdh a da láimh
    Na an sneactha do carnad i gcraoibh

    Mas rud nach bhfuil sí le fághail agam
    Agus nach mbéidh go brátach faraor
    Sgaoilimse an súgrad le fánaidh
    Agus beannacht le grádh mná an t-Saoghail

    Deanfaidh me cuilt (?) do mo brishde
    A mairfeas le saogal na bfear
    Ní bhainfid me an fheásóg seo díom
    Da bfasad sé mile ar fad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eiblín Ni Corduibh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Micheál O Corduibh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo