Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)

Suíomh:
Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
Múinteoirí:
Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 142

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 142

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
  2. XML Leathanach 142
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ní fuil a's ní feoil a's ní cnámh é,
    Ach is ar fhuil a's ar fheoil a's ar chnáimh a d'fhás sé : sé biadh gach duine é ach ní itheann duine ar bith é.
    (Bainne)
    Giolla beag maol 'na luighe ag an tobar
    Tá a cheann cruaidh maol comh maol leis an obair
    Ní dhéanann sé tada is cuma cé'n obair
    Nó go gcuirtear a cheann i bhfad síos ins an tobar.
    (Peann)
    Níl sé amuigh a's níl se istigh
    A's níl sé ar mhullach an tighe.
    (Fuinneog)
    Broc liath a's a aghaidh siar
    A's é ag saighdiuireacht?
    (Alt)
    Teach mór, coinnleor óir
    Tomhais i gceart é a's ná leig thart é.
    (Flaitheas)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Corrán Buí, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Brighid Ní Neachtain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    54
    Seoladh
    Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo