Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 232
- XML “Tithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fad'ó ní bhíodh na tighthe a bhíodh ag na daoine déanta de chlocha 'chor ar bith. Bhíodh cuid acú déanta le foideogaí, agus cuid eile le scraitheanna , agus ní bhíodh fuinneog ar bith ortha, agus ní bhíodh ach doras amháin. Bhíodh leath de'n fhuinneoig déanta de ghloine i gcuid de na tighthe agus an leath eile de chláracha.
Ní bhíodh seomra ar bith ionnta, ac i gcorr-cheann bhíodh seomra amháin.
Bhíodh cuid de na tighthe cruinn, agus ní bhíodh simléar ar bith ortha ach poll fágtha thuas ar bhárr an tighe leis an toit a leigint amach. Ins na tighthe cruinne bhíodh an teine i lár an urláir, ach ins na tighthe eile bhíodh an teine thuas ag an mbinn.- Bailitheoir
- Róis Ní Conghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Conghaile
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo