Scoil: Baile na Cúirte, Dúngarbhán
- Suíomh:
- Baile na Cúirte, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Muiris Breannóc
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Paidir adeirtear ag gabháilt thar Roilghe :
"Dia's Muire dhíbh a fhíréin Chríost athá ag feitheamh annsan leis an Aiséirighe Ghlórmhair. An Té a fhulaing bás ar chrann na Croise ar bhúr san go dtugaidh Sé suaimhneas fíorraidhe dhíbh. Amen"Paidir a deirtear le linn dul a codhladh :
"A Íosa dhílis a athair an t-suain
Díbir na smaointe seo ma Uaighthe uaim
Im shuidhe dom, im luighe dhom, im chodhladh go suain
Bí im' thimcheall, bí im' chomhlacht, bí im' fhaire gach uain"
Cuirtear an fonn "An Druimfionn Donn Dílis" le sin.Paidir a deir lucht déirce nuair a gheibheann siad rud éigin :
"Má thá fuigheall faoistim, dearmhad Aifreann nú breitheamtas aithrighe gan comhlíonadh ort go maithodh Dia dhuit iad".Paidir : A bhainrioghain bheannuighthe is a Mháthair Dílis Dé, comhnuigh liom ar maidin is ar meadhon lae. Nuair a sgarfaidh m'anam lem' cholann fuar gan áird - bhíos ar m'aimhleas is seasaigh liom ar uair chruaidh mo bháis.Paidir a deirtear díreach roimh tuitim dod' chodladh agus díreach t'réis dúiseachta duith :(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Muiris Breannóc
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)