Scoil: Oileán Toraighe (uimhir rolla 5164)

Suíomh:
Toraigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 316

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 316

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Oileán Toraighe
  2. XML Leathanach 316
  3. XML “Scéal Siógaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    na sidheogaí duine ar bith a thabhairt leóbhtha go rabh duine saoghalta leó, agus anois arsa sé tráthnóna indiu. Rachaidh dhá bheitheadhach déag thart le do dhoras-sa agus béidh dhá mharcach ar achan beitheadhach acht an ceann deireannach, chá bhíonn air ach an mharcach amháin, agus caithfidh tusa arsa seisean a dul ar an beitheadhach sin. D'imthigh sé uaidh annsin. Bhí eagla ar an fhear seo go gconghbhochadh na sidheogaí é. Chuaidh sé na bhaile annsin, agus sa deireadh connaich sé an dá beitheadhach dhéag ag teacht, agus ar an cheann dheireannach, chuaidh seisean suas ar. Dimthigh siad leó annsin go rabh siad i n-Uladh. Chuaidh siad go dtí an teach a rabh an bhean ann, agus bhí an fear ann fosta. Thug na sidheogaí leó an fear saoghalta a bhí bó. Teach ceann tuighe a bhí ann. Chuir siad an fear seo ináirde ós cionn an t-simleár fa-choinne á bheith ag amharc síos ortha. Annsin chuaidh sidhéog isteach agus chán fhaca an bhean no an fear é agus thug sé snaoisín don bhean,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Ní Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann