Scoil: Oileán Toraighe (uimhir rolla 5164)
- Suíomh:
- Toraigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Oileán Toraighe
- XML Leathanach 350
- XML “Balair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhfuil an tainm sin ar Phort Oilig.
Nuair a dfás ua Bhalair suas, chur Balair go dtí Druim na Teineamh é, agus rinne sé gabh dó. Smuineadh sé annsin go marbhochadh an gabh é. Chuaidh sé amach ag dul a mharbhughadh gabh mar bhí fhios aige gur bé gabh a mharbhochadh é. Dubhairt Balair leis an gabh dul leis giota na bhealaigh. Diarr an gabh ar Bhalair teannadh anall leis go gcuirfeadh sé inntleacht ann a chionn, agus dubhairt sé leis go rabh sé deas go leór dó. Bhí trí súile ar Bhalair, súil ar chúl a chinn, agus dhá shúil ar a aghaidh. Chuir an gabh slat isteach ar an tsúil a bhí ar chúl a chinn, agus thainic uisge as an tsúil sin, agus rinn an tuisge sin loch Gaoth Dobhair. D’imthigh an bheirt leo agus casadh loch mhór uisge ortha. Chuir sé ceist ar an ua an rabh sé mór. Dubhairt an t-ua go rabh, go mba fada(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Chearbhaill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Cearbhaill
- Inscne
- Fireann