Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Naomh
- XML Leathanach 105
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí stóchach ann i n-am amháin agus d'imthigh sé a dhéanamh fastodh agus casadh maighistir air.”
(ar lean ón leathanach roimhe)h-ithe dó. Nuair a tháinig an oidhche chuaidh an stóchach a luighe gán greim ar bith ithte aige. Ar maidín lá thar-na-bharach d'éirigh an stóchach agus chuir an maighistir suas 'un lafta aríst é agus ocras millteanach air.Thoisigh an stóchach a dhéanamh mín dé'n choirce agus brachan dé'n mhin agus d'ith sé leis a shaith de. Bhí sé ag déanamh sin gach lá acht lá amháin tháinig an maighistir aníos 'un lafta agus an stóchach ag ithe an bhrachain. Tháinig corruighe ar an mhaighistir leis agus ghearr sé an chluas dén stóchach. D'imthigh an stóchach leis na bhaile agus d'innis sé do na dhearbhrathair, gur bhain an maighistir an chluas de. Dubhairt an dearbhráthair go rabh sé féin ag imtheacht agus go mbéadh cluas éile leis nuair a thiocfadh sé. D'imthigh an buachaill leis(leanann ar an chéad leathanach eile)