Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Naomh
- XML Leathanach 106
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí stóchach ann i n-am amháin agus d'imthigh sé a dhéanamh fastodh agus casadh maighistir air.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Agus casadh an maighistir cheadhna air. Chuir an maighistear ceist ar an stócach cá rabh sé ag gabhail. Dubhairt an stócach go rabh sé ag gabhail a dheánamh fastóidh. Chuir an maighistear ceist air annsin an ndeánfhadh sé fastódh leisean. Dubhairt an stócach go ndéanfhadh cinnte acht é cúig phunnta a thabhairt do. Dubhairt an maighstear go dtabhafhadh. D'imthigh an bheirt leo go teach an maighistir. Cha dtug an maighistear a dhath do'm stócach le h- ithe agus chuir suas 'un lafta é a ' bhualadh cochain. Shuidhe an stócach ar an lafta agus cha dtearn sé rud ar bith. Tháinig corruighe mór ar an stócach siocair nach bhfuair sé a dhath le h- ithe. Tháinig an stócach(leanann ar an chéad leathanach eile)