Scoil: Cnoc Sacsan (uimhir rolla 16024)
- Suíomh:
- Cnoc Sacsan, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Faoláin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0123, Leathanach 310](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0123%2FCBES_0123_310.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0123, Leathanach 310
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc Sacsan
- XML Leathanach 310
- XML “Mo Shráidbhaile Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Máirghéád Nic Giobuin a bhailigh.
'Sé Droigheanán Easa an t-ainm atá ar mo shráidbhaile. Tá sé suidhte í bparráiste na gCaológa agus í mBarúntacht Carra.Tá naoi gclanna déág ann agus tá suas is anuas le seasca is cúigear duine ann ar fad. Níl sloinneadh ar bith ann có coiteianta le Ó Cónra (?) mar ta ceithre clanna ann a bhfuil an sloinneadh sin ortha. Tighthe cinn tuighe atá ann ar fad is ta dhá sheómra is trí cinn de fhuinneóga ar a laighead is similéar i ngach teach. D réir na seandaoine bhí na tighthe i bhfad níos lionmhaire sa t-sean aimsear ach díbrigheadh go leor clann is b'eigin dóib dul go Sasana is Americá sa droch-shaol.Chuaidh cuid eile go taltaí eile a dtug Roinn na dTaltaí dóibh le fiche bliain anuas. Talamh mhaith cloc aoil an cuid is mo de'n talamh ata againn. Tá corr pháirc annseo is annsúid a bfuil luacra is séisc is salachar eile ag fás innti.Is beag crann atá ann ach tá na sgeaca go fairsing ann agus níl(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirghéad Nic Giobúin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Drongánach Thoir, Co. Mhaigh Eo