Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)
- Suíomh:
- An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brighid Ní Ghaodhchain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sraith Mhór
- XML Leathanach 17
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí bean agus bhí mac amháin aici. Ní rabh acu acht bhó amháin agus ba ghnáth léithe dul na coilleadh achán lá.”
SgéalBhí bean agus bhí mac amháin aici. Ní rabh acu acht bhó amháin agus ba ghráth léithe dul na coilleadh achán lá . An lá seo chuaidh sí isteach 'na coilleadh agus bhí sé ag éirigh dorcha. Chuaidh an gasúr isteach lé amharc fan'coinne. Casadh marcach air agus arsa seisean. "Nach bhfuil eagla ort?" Caidhe'n rud eagla? arsan gasúr. " Nach bhfuil is agat cadé rud eagla" arsan marcach."Níl fhios agam" arsa'n gasúr Arsan fear leis "bhéirfeadh mise céad púnta duit na téidheann tú liom agus mo theach a choimead ar feadh na h-oidhche seo. " Maith go leor" arsan gasúr agus d'timtigh sé leis an fhear, Nuair a tháinig siad fhádle teach mór tháinig ar marcach anuas agus chuaid sé isteach 'na toighe. Chuir sé síos teine mhór agus thúg sé mála cnodhanna dó. Annsin d'imtigh sé arais. Ag an dó'déág tháinig ceathrar fear isteach agus chomhnar leóbhtha. D'fhág siad an comhnar ar an urlár agus tháinig fear amach as agus shuidhe sé ag an teine. D'imthigh an ceathrar fear agus an comhnar lebhtha Thosuigh an gasúr agus an fear ag troid fa na cnodhanna, 'san deireadh dubhairt an gasúr leis "geall ar Dia leig damh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ghallobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Eadhmon Uí Ghallobhair
- Inscne
- Baineann